Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an t-Athair Seán Breathnach mar sagart paróiste ar Árd Mhór isteach sa 'mach le dathad bliain ó shoin. Bhí an sagart ag tabhairt na pledge amach agus bhí ar gach duine do thóg leis a ainm do scríobh i leabhar. Bhí paróisteánach darbh ainm do Begley agus ní raibh aon fonn air glacadh leis an pledge.
Bhuail an sagart ina threó agus dúirt sé "Tá sé comh maith agat do ainm a chur sa leabhar seo mar tá gach aoinne eile sa pharóiste tar éis sin do dhéanamh ach tú féin amháin".In ionad géilleadh seo mar a dúirt Begley :-
"Dá mbeinn ag dul go dtí an margadh
As dá mbeadh an mhaiin go stuacach
go mbeadh gach srón agus fearthainn
Am lascadh is am bhualadh
Mo chosa sa lathaigh dá meascadh 's dá suaithaig
Greamanna creatha ag gabhail treasna mo ghuailne
Is mé crampatha, crapatha le h-ana-chuid fuachta
Ba dhé an cnagaire dearg ba mhaith ar an uair úd
Chun mé bhogadh chun alluis agus lasair chur im ghruadhanna
'Sis duine gan tuiscint dhéarfadh liomsa cur suas de.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann