Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Scéal na Baidhbhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is do cholceathar dom féin do thuit so amach agus deimhnighim go bhfuil sé fíor. Mac d'uncail domsa ab eadh é. Bhí sé ina tháiliúr agus ag obair ag m'athair. Ba bhéas leis a bheith ag cuardíocht gach oíche agus ní thagadh sé abhaile go mbíodh an meán-oíche aige agus bhíodh m'athair ar dearg-buile ag bagairt agus ag t-aithint air, ach ní raibh ao mhaith dó ann. Nuair a theip ar m'athair é do mhaolughadh, cuireadh sé an glas ar an doras gach oíche agus nuair do bhuaileadh Seán macánta ar an doras d'fhágtaí ann é go mbíodh sé fuar agus cortha go maith de féin. Níor mhúin so ciall do ach mar sin féin cuireadh ar bealach a leasa é.
    Bhí sé ag teacht abhaile an oíche seo. go déanach mar ba gnáth. Díreach agus é ag dul thar geata an bóithrín a bhí ag rith isteach don tigh agus timpeall leath-mhíle ar leabhracht, buail ar a cluasa an béic is uafásach agus is mío-shaoghalta do chlos duine ná daonnaidhe riamh. Mar bpiléir bhí sé imithe ceann ar aghaidh fé dhéin a tighe ag cur phluidhe an báithrín thar na gclathachaibh mar ba dhé an goimhreadh a bhí ann.
    Bhí leath-an-bhealaigh curtha de aige nuair a bhuail an dara bhéic é. Dhera, a mhic ó, chuir so fiadhan ar fad é agus níos mire agus níos mir do bhailigh sé leis mar leis an uaigneas a bhí sa ghlór agus braon éigin iontach eile ná faghadh sé cuir síos air gur geall leis gur thit an stiúg as.
    Ag an doras dó nuair do scréach sí arís ach má dhein, scréach Seán airthi le dian-scannradh agus comh h-árd eaglach gur dúisigh gan duine dhínn. Chrom sé ar an am céanna ag ciceáil an dorais siar uiadh comh millteach agus a bhí ann gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann