Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhuaileas isteach i dtig feirmeóra timpeall dathad bliain ó shoin, bhí bean an feirmeora ag déanamh cuiginne i lár na cistineach. Níor bhfada istig dom gur bhuail an bhean liom do bheir ar chuislinn orm agus bhreith léi mé chun na cuigine agus bhí orm cúig nó sé castaí do bhaint aistí.
Thug sí fé ndeara ar m'aghaidh m'iongtas agus nár thuigeas brígh an imtheachta seo. Mhínigh sí an scéal agus sé budh bhrígh leis go ngoidfinn an t-im as an uachtar le díabluidheacht éigin ach gur chuir sí ar neamh-ní an chomhact ón diabhal san le mise do chur ag obair ar an gcuigeann.
Piseóga a glaodhtar ar a leithéid seo fé an dtuaith sa chondae seo.
Bhí orm dul tré a leithéid seo fé an dtuaith sa chondae seo.
Bhí orm dul tré a leithéid seo trí bhabhta ar feadh mo shaol i bparóiste Thuar-an-Fhíona.
Bí an bhean a bhí an phiseóg seo ag cur aisti ná bean-chéile Seán Ó Chathair - na-léige ins na Déisibh.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann