Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 96

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 96

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 96
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Sean Pheaid Ráileans do chomhnaigh i mBaile-na-Giulcaidhe i bparóisde Thuar-an-Fhíona timcheall caogadha bliadhain ó shoin.

    Sean Pheaid Ráileans do chomhnaigh i mBaile-na-Giulcaidhe i bparóisde Thuar-an-Fhíona timcheall caogadha bliadhain ó shoin. Siúnéir a bhí ann agus an chéird go maith aige. Ba mhall-ghluaiseacht éigin a chuid cainnte agus níor bhféidir é bhogadh as a bhog-stróc féin. Bhí sé ina shean-fhear nuair do chuireasa aithne air. Thagadh sé chun mo tigh-se gach tráthnóna Sathairn chun go mbearrfadh m'athair é mar bhí criothán trom ann féin.
    Bíodh prátaí curtha aige i leacha feirmeora a bhíodh peaid féin tar éis leath na bliaina a caitheamh á romhar. Bhuail sé amach lá chuntriúr do bhaint as na prátaí nua. Ráinigh gur bhuail cohmarsa leis agus d'iarr conas a bhí na prátaí. "Muise", arsa sé "tá siad go mion, fánach, fíreannach, fluich, dubh, bog agus sindeis".
    Lá amháin dúirt sé le mac leis dul fé dhéin birtín luachra agus d'iarr an mac as Béarla 2Wgere'll I get it, I said". Tháinigh an freagra go mín, mall, réidh, tais "Up in the shiminí, Dan".
    Ag cur síos do ar dhearóil a chomhnuig sa cheanntar dúirt sé mar seo agus gan deithneas ar domhan - "Tobar na Leac agus Tobar na mBreac agus Tobar na Stuaice agus an Tobar san taobh thuaidh de, Shúghfadh an fear san gach aon bhraon a headh ionta dá mur fuiscí nó pórtur é".
    Babhta bhuail sé chun tighe m'athair agus bhí duine des na comharsain tar éis coileán do bhronnadh orainn. De réir deallraimh bhíodh tar éis innsint conas a 'fuaradh' an maidrín. mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann