Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Pósadh Chána”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An pósadh bhí i gCána
    Bhí Rí na nGrásta ann i bpearsa
    Bhí, agus a Mhuire Mháthair is narbh álainn í an bhainfheis
    An chuileachta bhí i gcionn chláir bhí fíon ortha i n-easnamh
    Agus an t-uisce bhí ins na h-áthraibh nár bhréag é le blaiseadh
    Sí an Mhaighdean bhréag naomha í nár dhein riamh an peaca
    An plannda úd do shíileuig ón Rí ceart do Fearra
    Cuireadh bhúr n-athuinge go dílis chun Croí ceart a dalta
    Chun an ród a bheith saor againn ag triall chun an Flaithis.
    A Athair agus a Íosa, Rí-geal na cruinne
    D'iomchuirig an choróin spíceach agus truimeacht na croise
    Id stracadh sid straoileadh idir daoine gan chumann
    Chun na glais úd do scaoileadh bhí choidhche i nár gcoinnibh
    Nach ró-bhreágh na tabhartanais a fuairis ó do mháithrín
    Le gráin ar an bpeacadh 'seadh thonaigh na grásta
    Do chomhacht a bhí go mór as do thróchaire gan faillís
    Go mbí Fuil R na Glóire beidh go deo ins an gCaillís.
    Nach ró-bhreá an sólás thug Rí na nGrást dúinn in aisce
    A chuid fola agus feola mar lón dos na peacaig
    Ach mairg a chuireann spéis i n-ór buí ná i rachmus
    Mar níl ann ach mar bheadh lóchán seachas glóire na bhFlaitheas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann