Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Caointeachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear siúil a dhein an caoine seo do Learaí Breathnach a chónaigh i bParóiste Tuar an Fhíona. 'Agent' don tiarna talmhanba eadh Learaí agus ba mhaith an fear é. Bhíodh an fear siúil seo ag cur suas i dtig Learaí ach nuair do bhuail sé an slí an babhta seo bhí leanaí agus a bhean curtha.
    Ó Donncha Ó Caoimh a chonaigh i gCnoc a Faille, gairid do Mhainistir Mhillerí. Tá sé anois ar Slí na Fírinne.
    D'éirigheas féineach go moch ar maidin
    Agus chuadas dtí an teaghlach mar ba cleachtadh liom
    Ní fhaca mé romham ach connlán leanbh
    Bean aosta agus gan aoinne dá farradh
    Óig-bean agus deor le na leacain
    Agus 'mourning' léi go talamh tré bhás a mháthar agus a athar
    Chuadas sa pharlús mar a ndeuntá an eadarshudh
    Chuadas is stábla mar a mbíodh ann do chapall
    Chuadas id scioból mar a bhíodh na buailteoirí ag allus
    Chuadas ar an ród mar a leagtá an ghainnimh
    Bhris mé an comhgar tríd d'fhaithche
    Féachaint an bhfeicfinn radharc ar mo mharcach
    Nó ar an gcúilfionn a bhí go múinte meastamhail
    Go mbarfainn cúcha cúntas a gcuid leanbh
    Ghlaodhas ar Learaí héachaint an ina codladh bhí
    Dúradar go raibh sé ar a dhrom go fann sa mBuidhe Chnoc
    Phreabas in seasamh go tapaidh is go bríomhar
    Chuaidh mé den stáir úd go sráid an Chnuic Bhuidhe amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Caoimh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Faille, Co. Phort Láirge