Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Caointeachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear a chum é seo nuair d'éag bhean in aistir cloinne Tomá Ó Duinn ó Mhillerí a thug dom. Rugadh é i bParóiste Tuar an Fhíona 80 bliain ach caoth sé go leor dá shaol i gCnoc Mhillerí. Fuair sé bás dhá bhliain ó shoin. Solas na bhFlaitheas dá anam.
    A mháire, a mhúirnín, éirigh id shuí chugham
    Beir ar do leanbh agus ceangal nó scaoil é
    Bunóicín óg, ón lá dtín oíche
    Tá bean den mbaile ag tabhairt tamaill dá cón do
    Is bainne cíche a mháthar ar an gclár so sínte
    Mo chumha nár siúlas chúig Cúige na hÉireann.
    Ar lorg bean cabhrach nó dochtúir léigheanta
    A scaoilfeadh an t-snaidhm a bhí timpeall na h-ae agat
    Fad a chaill tú t-anam le leanbh gan éifeacht.
    A bhuachaillí, go mbuaidhfidh Dia an t-ádh libh
    Bídhidh uasal agus tugaidh suaimhneas go lá dhí
    Ní cúrsaí spóirt í - mo ghleó; ná gáire
    Ach briseadh tigheas agus scaoileadh gárlach
    Agus creach na leanbh agus an bhanartla ar lár
    Den mórdháil mór atá ar fuaid do thighe istig
    Tobac do thórramh ina cheó sa tig acu
    Coinnle geala ine seasamh go díreach
    Brat dorcha le doras do thighe-se
    Glas béil ort nach féidir é scaoileadh
    Agus dá mfhéidir do raobhfainn ó chroí é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Duinn
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cnoc Mheilearaí, Co. Phort Láirge