Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo dán d'airighinn m'athair 'ag gabhail dó' nuair do bhíosa im' leanbh.
Crochadh 'An Croppy' seo sa mbliain 1798 agus tógadh leach do i bpáircín an bhaile i nDúngarbhán agus tá an leach san le feiacint inniú.
Bhíodh chónaí ar ag Baile Uí Ghéigín, ceanntar atá timpeall dhá mhíle ar an dtaobh shiar de Dhúngarbhán.1.
Tá Baile Uí Gháigín go bráth fé mhairg
As diaidh mo scafaire breá eas
Gach n-aon a ghabhadh an t-slí
Is chun a tighe do bhíodh a thaisteal
Isgheibhdís iostas mí ní ráithe
2.
Is minic a chuirteá ort do phíb
A shíl na sagart
Agus nach cliste d'imirtheá an h-ármon
I bhFlaitheas geal Íosa i measc na naomh atá do leaba
Is dar ndóigh chuir Peadar romhat fáilte.
3.
A mhis Thomáis na gCeann guidhim liom ort is deacair
Leaghadh agus leathadh ar do shláinte
In Ifrionn go rabhair i ngeall led' pheaca
Ag an diabhal go raibh d'anam is gárda air
Ar nós chuire na h-abhann go rabhair lag marbh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann