School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Page 154
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Cathal Crobh Dearg ón Spáinn a bhí ag teacht go h-Éirinn ag iarraidh ingíne an Ríogh.”
Cathal Crobh Dearg ón Spáinn a bhí ag teacht go h-Éirinn ag iarraidh ingíne an Ríogh. Bhí sé ag ullmhú chun dul go dtí an Caisleán.
Ghlaoidh sé leis a ghadhair dhruimneacha, a dhiallaití dearga, fuaimneacha, fuibhreacha, luachmhara, rudracha, castracha, calracha, craoracha.
Shiúl sé naoi gcéad míle sa neomint le spur a béil-iarann agus le srian a bhéil órdha. Shocraig sé air a sheircín shróileach; a dhá bhróigín míne dubha Eadtroma de craiceann na bó bhainne druiminne léithe nár lig riamh ar aon dtaobh dá taobhannaibh; ar a gcuid laogh, ar a gcuid lacht; ná ar a gcuid rath saolta, ach buille dhá h-adharc do bhualadh sa talamh, iompódh ar chnámh a cúil agus codladh ar an gcuma san. Dhein sé seasamh ar phort an fhuaráin.
Is breá deas taithnmheach a dheir an seasamh sin dó. Chíor sé a cheann; ní sé a lámha. D'fhéach sé siar, ó thuaidh agus ó dheas. D'iarr ar Dhia é chur ar a leas. D'ith a bhricfast, má fuair agus mar a bhfuair d'imigh i n-éagnuis ach is dócha go bhfuair is nach leite min-bhuí na prátaí dubha é.
Bhí sé ag imeacht leis go raibh néalta dubha, dorcha, na h-oíche ag teacht. An luch ag dul i bpoll; an seabhac ag dul i gcrann; an gearrán bán ag dul ar scáth na cupóige agus an riabach pioc de anam na capóige a d'fhainfeadh síos ná suas leis. An dreoilín ag cur giollachán a dhá shúil amach ag iarraidh breith ón oíche agus an oíche ag breith air.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Donnchadh Ó Caoimh
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc na Faille, Co. Phort Láirge