Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 246
- XML “Is Cuma sa Diabhal”
- XML “Tobar Beannaithe na Scairte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhuail fear liom ar an mbóthar lá. Bhí deallramh na fearthana ins an spéir.
D'iarras den bhfear seo an mbeadh sé fliuch. D'fhéach sé suas sa spéir agus mór-thimpeall air. Ansan dúirt "Ní fheadar mé, ach dar ndóigh, nach cuma sa diabhal".- Bailitheoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheapaigh, Co. Phort Láirge
- Ag Scairt na Droighnighe i bparóiste Chill Briain bhí tobar beannaithe fadó riamh Éirinn. Dhéintí turasanna ann i gcionn na bliana agus bhí cáil leighis ar an dtobar.
D'éirig chapall breach ar feirmeoir agus thóg sé ina ceann an capall do thabhairt go dtí tobar ag tnúth go leigheasfaí cos an chapaill ach sar a bhuail sé an tobar fuair an feirmeoir bás.
Deireann muintir an cheantair gur mar gheall ar an capall do thabhairt go dtí tobar gur baineadh san dó.
Ar an lá ina dhiaidh sin ní raibh teidheall(leanann ar an chéad leathanach eile)