Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Tórramh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tórramh
    Nuair do bhíos-sa óg fuair comharsa béil doruis bás. Tig beag crun-tighe do bhí sé i na chomhnuidhe ann agus bhí sé lán go dorus oidhche an tórraimh. Bhí beirt spaisteóirí láthair agus ní rabhdar díomhaoin. Shuidh duine acu ar gach taobh de'n chorp. Tharraing duine acu churg crius a bhí ag coimeád greama ar a bhríste nuair a fuair sé an chaoi ar san do dhéanadh. Do shleamhnuigh sé é f ghuaillmibh an chuirp. Ghreamuig a chomhrádaí an crios ar an dtaobh eile. Ar dúnadh na súl bhí an corp i na shuidhe tabhaill díreach a an leabaidh.
    Níos scannradh go dtí é agus scréach na mná agus na raibh na fir i na dtost nach an oiread. Thug gach duine aghaidh ar an dorus acht bhí sé sin dúnta agus ní raibh óil ar ó d'oscailt. Ansan d'éirigh an brúghadh-carnáil-gach aoinne i na gheilt ag iarraidh an dorus do dheánadh.
    Dóbar go mbeadh níos mó ná aon tórramh amháin mar bhí na mná i ndeireadh na sthuige(?) nuair d'éirigh le duine éigin an dorus d'oscailt.
    Deirimse leat-sa gur fuair an tórramh sa bhí ar an fear-bocht a bhí a an gclár gur cuireadh féin bhfód é. Budh mhilltheach agus budh náireach an cleas é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
          1. cluichí
            1. cluichí tórraimh (~170)
        2. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann