Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Killeeshal, Co. Waterford
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Slán agus Céad”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán Ó Floinn as Cill Choinnigh do dhein an t-amhrán so nuair a bhuail fonn dul ag Sasna Nua é timpeall 1834. Gaol gairid don tsean-duine a thug dom roinnt mhaith des na h-amhránaigh atá scíobhtha anseo.
    Slán agus céad chun Chill Choinnigh tá im dhéidh
    'S fágaim ann de ló is d'oíche é
    Is chun Cluain na gCuigéal mar ba mhinic ann mo thriall
    Agus slán leatsa a Thuair an Fhíona
    Mar is ann a bhíodh an greann gach am a ghabhainn ann
    Is níor bhfada liomsa lá is oíche ann
    Ag tarraingt ar mo rogha idir an dá ghleann
    Ar an dtaobh so de'n droichead abhainn.
    Sé cloisim-se dhá rá gur suarach é mo ghádh thar sáile
    Ná fuil ionam ach réic, árd-inntinnual gan chéill
    A d'ólfadh mo rath i dtigh tabhairne
    Tá mo shúil-se féin go dluith le Rí glé-geal na gCumhacht
    Go sáróchad féin a ráite
    Mar 'sé m'árd inntinn féin tá im' chur in imigéin
    Is Rí geal na Naomh im ghárdáil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann