School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 309
  3. XML “Ainmneacha Áiteann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl páirc ná gort ná cnoc ná coill ná gleann, ná loch ná abhainn ná oileán ins an bparraiste seo nach bhfuil a ainm féin air, agus ainmneacha deasa, feileamhnacha gach uile ceann aca. Tá cuid aca an-shean amach is amach. Níos sine ná an Gaedhilg féin. Ainmneacha iad sin a chuir na daoine a bhí annseo ortha sul dá dtáinig Clann Mhíleadh go dtí an tír seo chor ar bith.
    Loch Measga.
    Glaodhtar an t-ainm seo ar an mbaile mar gheall ar an loch in aice na háite seo. Bíonn ceo i gcómhnuidhe ós cionn an locha.
    Baile na Móna.
    Deirtear go raibh portach mór ann san am fadó. Níl mórán ann anois acht rian an phortaigh ar an dtalamh atá ann.
    Innismeadhoin.
    Tá an t-oileán seo suidhte idir Innis Cumhaing agus Innis Eoghain. Tá sean mainistir agus sean caisleán ann.
    Cill Lobhair.
    Bhí cill ann san am fadó, agus osbuidéal in aice na cille, chun na daoine breoidhte do chur ann.
    Baile-an=Chalaidh.
    Baile beag ar bhruach an locha. Loch Measga-is eadh é. San am fadó bhíodh tráchtáil ar siubhal ar an loch idir an áit seo agus Túir Mhic Éide. Bhíodh bháidh beaga agus báid móra go fáirsing ann.
    Cathair na ngabhar.
    Tá na tighthe suidhte le chéile in aon líne amháin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Caherrobert, Co. Mayo
    Collector
    Áine de Brún
    Gender
    Female
    Address
    Inishmaine, Co. Mayo
    Informant
    Máirtín Ó Brannagáin
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    86
    Address
    Loughmask Castle, Co. Mayo