Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)do’n t-suimnig, má bhí aon phaiste amháin errthi
bhí os cionn breis agus ciad paiste errthi. Seana
chóta muar a b’eadh an t-suimineach, agus mar
sin do bhí. Do gheall sé dho go ndinfadh sé a ínnsint dos ga’ h-aonne a thagfadh treasna
air. Do chailleadh é fé mhaidean agus do thug sé thuairisg dosna cómharsain tímpal agus do
chuireadar é agus th’réis é chur do chaith sé an tsuimineach
suas ar chlaídhe bhí le h-ais a’ tíghe, agus is dócha, dar leis féin ná cuirfeadh aonne go deó aon
chúram ar a’ suiminig agus ná raibh aonne chun aonne
fhághailt ’á bárr. Bhí an cúrsa mar sin agus ga h-aonne ’á raibh a’ glaodhach a’ t-slíghe - bhí sé
go fórleitheadúil tímpal annsan - chuaidh sé ó bhaile go baile, uadhacht an bhacaigh seo - an fear siúbhail seo agus d’fhaighdís ana- phleisiúr un, "a’
chorp ’on talamh, anm do Dhia agus a’ t-suimineach
do Mhóc Amhlaoibh." Do cheapadar gur mhuar an
present d’aonne an t-suimineach fhághail, bhí sí cómh críona san, chómh caithte agus paistí anuas
ar a chéile errthi, agus i gcionn bliain gho-leithe tháinig a’ duin’ uasal breágh so sa yard agus capall(continues on next page)