Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 387

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 387

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    n-
    lall
    367
    muar ó shoin de shaoghal is dócha suas le tímpal
    trí fichid blian ó shoin gurbh ainm do Donncadh Muar
    ó Súillobháin agus do bhí scialta Fiannaidheachta aige agus
    muar - chuid aca ag d’innis sé dómh-sa iad agus thaidh
    siad ar fad dearmhadta ’gam; ach fsé liom gus le
    cuid mhaith im’ phímuis go raibh fear siúbhail un
    a’ gabháil a’ t-slíghe fé mar a bhíodh a leithéidí
    nuair a fuair sé críona do stadh sé i dtig
    7
    g fsé le fear a’ tíghe: "ba maith liom," fhsé,
    uadhacht a dhianamh. "Cad chuige an t-uadhacht arú,"
    í fear a’ tíghe. "Ó, is baoghalach liom go mbeidh
    mé - gur ró-gheárr go raghaidh mé ar a’ dtaobh eile
    agus do bheadh súil agam, fhsé, "go mbiarfá-sa
    amach mh’uadhacht ’á ndineadh aonne é." "Well go
    deimhin," fh sé, "dianfaidh mé mar adirfá."
    "Well, táim ’á chuir de chéist de bhreith agus de
    muar -ualach ort," fsé, "mh’uadhacht a innsint
    dos ga’ h-aonne gheóbhaidh a’ t-slíghe, agus ’sé uadhacht
    é sin, fh sé, "níl sé fada: mo corp ’on talamh,
    m’anm do Dhia, agus an t-suimhineach do Mhác Amh-
    laoibh," agus is dócha go dtáinig iongna ar fhear
    a’ tíghe nuair a chualaidh sé an t-uadhacht nú
    cad chuige mí cadé an cúram a bhí ag aonne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant