(continued from previous page)
355
í sé leis a’ seana mhnaoí go roibh a’ capall anns
is a’ t-é dhin a’ díoghbháil cheana i n-áirde errthi
is dócha. Seadh, tháinig sé anuas di i mbial
a’ doruis is dheaghaidh sé isteach is bhí an t-seaigh
bhean sa chuinne. D’aithnig sí é go maith. Loirg
sé lóistín na h-oidhche go lá orrtha. fhadar
leis- fh a’ t-seana bhean leis ná faigheadh, go
bhfeacadar cheana é i gur dhin sé díoghbhail
fada, "n’fheacabhair riamh mise, "fhsé, "ná
aon tuairisg orm." "Nách siní mo chapall
agat," fsí. "Ó, más í féin," fé sin, "tá do
capall alright." Seadh, ghluaisig a’ bheirt
driothár ó’n bportach i dheaghaidh duine ’ca
go dtí an capall is chimil sé a lámh di is
na h-aonní. "By God," fsé leis a’ gceann
eile, "tá sí ’n-a bheathaidh - a’ capall - níor
cailleadh i n-ao’ chor í!" "Do chailleadh fudó,"
an fear eile. Seadh, dheaghadar isteach is
bhí sé a’ cainnt leó is ní raibh - fhsé leó
an capall a chuir ar stábla. Seadh, chuir sé
seo - an fear so bhí á cimilt - chuir sé ar
a’ stábla í is thug sé biadh dhi. D’ith sí é
is uisce is na h-aonní. Seadh, bhuail sé
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project.