Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)212
ó thaobh na lice - ó thaobh na faille - g do pholl-
adan an dion ga’ scraith agus do phreabadar
síos agus do bheireadar ar mhionnán agus tharrai-
ngeadar a chuid fola agus tharraingeadar
fuil ga’ h-aon mhionnán desna deich gcínn
fichead ag bhí a mbolg cómh lán annsan a
ndiaidh na fola i ná fiadfaidís dul amach
ag do bhíodar annsan agus thrialladar fiche
uair dul amach is máiseadh ní raibh aon
dul aca air. "Cad a dhineadar ach teacht
ag ceann aca do tharrac leó ag í dhridiuint
amach go maith ó’n bhfaill, agus ceann eile chuir
istig ag chúig cínn aca ’chuir as a chéile nó
sé cínn ag bheith ’á gcuir as a chéile gur dhin-
eadar i bhfuirm alep baaier díobh agus do bhuail-
eadar suas agus do bhuaileadar a’ poll amach
agus d’fhágadar deich gcínn fichead de mhíonnánaibh
gan barra méire bhualadh orrtha ach a
gcuid fola ’tharrac - n’fhiadfaidís aon
ruaine dhíobh ithe bhíodar cómh lán san de’n
fhuil, agus ’sé duine bhí ’á ínnsint sin dom-
n’fheacas-sa é, ach tá's agam gur scial é
bhí cómh fíor g- le h-aon scial a thuit amoch(continues on next page)