Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 187

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Chómhnuig ministir fudó ó shoin de shaoghal annso ar a’ gCoinreán, b’é sin aimsir na
    ndeacha. (Seadh! right away). Bhíodh ministrí a’ bailiúghadh deacha an uair sin agus an naomhadh leabaidh desna ga’ h-aon chuireadóireacht dá mbeadh agat a’ dul dóibh, agus do cheapadh muarán aca go raibh sé ana-chruaidh orrtha
    an naomhadh leabaidh a thabhairt do’n mhinistir agus bhíodar dóthanach go leór díobh, é bheith d’fhiachaibh orrtha bheith a cur phrátaí
    agus thurnapaí agus gubáiste is ga’ h-aonní bhuinneas leó, mar a dtabharfaidís é sin, an oiread san airgid. Do tháinig beirt fhear
    oidhche ’osna h-oidhcheanncaibh agus do bhriseadar a’ dorus isteach ar thig a’ mhinistir agus ’sé an áit
    go raibh a’ ministir ’n-a chómhnuidhe san am san
    tamaillín anuas ó’n hotel - Hotel Bhutler Arms, agus bhí muarán tighthe beaga ins an am
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant