Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 186

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    186
    dorus, agus do ghlaodhaig sé féin ar a’ gcúis agus
    do luígheadaig sé an meas ar pé slíghe gur
    maith leis é. Níor fhan daonaídhe aca an lá
    san age’n Snaidhm. Bhíodar theichte amach
    cómh tapaidh i n-Éirinn is d’fhiadadar é.
    ar eagla - ní raibh aon úntaoíbh aca as-
    cheapadar gur samhal a bhí reooluer aige
    do gach duine ’ca chun é lámhach- chun iad
    do lámhach. 'Sé an t-é chloisinn ’á rádh
    so, fear de mhuíntir Conaill bhí i nGleann
    Muar, atá caillte le muarán Éireann
    bliadhanta, do chualas é ’á rádh agus mise
    "im’ gharsún óg tímpal naoi nó deich de
    bliaonaibh nó as san go dosaon, b’é an
    chuid ba mhó dhe é go h-áirithint é, agus ’sé
    an ainm a bhí air, rucáird Ó Conaill agus
    bhí muarán Éireann tuairisgí aige i dtaobh
    na gCounsiléaraidhthe mar do bhíos aige
    ga’ h-aon chor a chuireadar- gheall leis- a
    cuireadar díobh. Do chualaidh sé é is do
    chonnaic sé é, agus dá mhairfeadh sé aníos
    do choimeádfadh sé eachtra is dócha ar
    feadh reáithe orrtha, g scial a bhí fíor a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant