Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)181
dócha thar chúig diag nó sé diag de bhliadhnaibh, g
scial a b’eadh é sin a bhí cómh fíor agus do thuit
sé amach riamh. An fear so de Mhuíntir Donn.
acú ag obair do thig - do Mhr. O’ Connell - do thig
Dair Fináin a bhíodh sé. Ní raibh sé ach h-ocht
diag nó naoi diag de bhliadnaibh nuair a ’nís
sé an scial so, agus agus sé gur scial é a bhí chómh
fíor agus aon scial a thuit amach riamh,
nuair a thagadh a’ Seana Counsiléar abhaile
fudó do chloisinn ó’s ga’ h-aon Journey go
mbíodh sé, ó ba mhínic é sin, do chaithfeadh fur
amhór na dtineótaí bhí tímpal na h-áite bheith
ollamh chun é chuir treasna Cúm A’ Chode, b’é
sin an seana bhóthar chóngair, bhí sé ungna
árd go bráth a’ dul treasna an chnuic agus chaith-
fidís bheith ar a’ dtaobh theas de chnoch, ag bun
a’ chnuic, chun é chuir go dtí bun a’ chnuich ó’n
dtaobh thuaidh, agus arís ar a theacht, do chaithfidís
a ’bheith ar a’ láthair gciadna agus sádh leis an úmpar
so agus cúnamh a thabhairt dosna capaill, mar
"n’fhiadfaidís é bhreith i gcoinnibh a’ chnuic go
deó agus do bhí sé ar a’ slíghe gciadna ’dul síos
bhí sé cúntabharthach go m’fhéidir go rithfeadh(continues on next page)