aonaig do bhuail bhest a bhí air i rith na seachtmhaine leis an ingín agus d’fhan eochair a’ bhosca i bpóca na bheiste. Do thóg sí an eochair is ar sise
léi féinig ná feaca sí riamh a’ taobh istigh de bhosca a h-athar agus go bhficfeadh sí anois é. Pé nídh bhuail léi nó nár bhuail
ins a’ bhosca, do bhuail a’ fáinne léi agus do thaithn sé go h-ana-mhaith léi. Chuir sí an fáinne ar a méir, agus ins an am gur cheart d’á h-athair bheith a’ teacht abhaile tráthnóna, do chuir sí ceart ar a’ méir ar a’ dtaobh amuich dho’n fháinne ar slíghe is ná ficfeadh a’ t-athair é. Chonnaic a’ t-athair an ceart
ar a méir am éigin ’n-a dhiaidh san, agus d’fhiafraig sé dhí cad a bhuinn d’á méir. Dubhairt sí
gur chuir sí gearradh beag leis a’ sciain errthi is nár mhó breán is é. Do bhí an cheart amáireach ar a méir is bhí sé umanothar errthi is chuir a’ t-athair i bhfis errthi arís an mhiar a thusáint do ar eagla go raghadh sí chun ainncise a’s ar sise leis go raibh sí ’cneasúghadh agus nár mhó breán ’is a raibh errthii n-ao’ chor. D’fhan a’ ceart ar a méir
Ceart(rag) gen. cirte - smut do chirt agus smut do cheart