Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 296
- XML “Cístí Steaimpí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an císte seo deanta de'n prátaí. Tá sean-bhean ina cómhnuidhe i gCailchuill bean Uí Luasaigh is ainm do agus dúbhairt sí liom gur ith sí go minic nuair a bhí sí na gearrcaile óg ag rith annso is annsúd. Ní ró-mhait nú ba chart dom a rádh ní ró-mhinic a deineadh é san am san acht go hannaimh a gheóbhaidís é an uair sin. Ar dtúis gheóbhaidís sghreab stáin troig ar fhaid agus troig ar leighead lán de phollaí beats. Bhí an stán iompuighthe isteach ar thaobh amháin i dtreó go mbeadh puisín air.Annsan do [chimleadar?] na prátaí i gcoinnibh an phuisín chun go mbeadh said an-bheag ar fad. Mheascadar plúr leis na prátaibh annsan agus chuirfidís ar an ngreideas é. Bhí brannsa aca i gchóir na cístí san. Ní chuirfidís aon síoda tríd. Bacáileadar tirim é. Bhí na cístí san le fághail mór-thimcheall na h-áite seo caogadh blíain o shion agus dúbhairt sí go bfheacha sí ceann deunta triochadh blíain(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 92
- Gairm bheatha
- Bean táilliúra (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí