Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Ceann Capaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí ceann capall aige agus dá mba rud é go raibh buachaill nó cailín díomhaoineach sa scoil aice agus b'éigin dó, nó dí, an "Ceann" do bhreith abhaile thar an oidhche. Ag dul abhaile dos na buachaillídh tráthnóna, chuadar isteach i gceardchann Dhiarmudha in ghabha mar a dheineadar go minic roimhe san. Pé ar bith bhí braoinín sa mbreis ólta ag an ngabhainn a tráthnóna úd. Chonnaich
    sé an "ceann" ag buachaill éigin agus d'fhiafraig sé dhe cé'n fáth go raibh an rud úr-ghrádna san aige. D'innis an buachaill an scéal dó, agus ar chaoch do shúile, bhuail sé buille d'á chasúr ar an "gCeann" is do bhris sé 'na smidirínibh é.
    Bhí brón is cúmha ar an mháighistir scoile i ndiadh an chinn agus cheap sé an dán seo leanas.
    Níl a litríocht na h-Éireann seód níos luachmhara na na seana sgéalta a tháinig anuas chúghainn o ghlún go glún, o'n ár sinnsear rómhain. Acht mo bhrón is mo mhaith, is mó seancaidhe atá imtighthe o'n gCailchuill gan fiú is focal a bhí aca bhreachuighthe ag spinner. Ní mar sin a bheidh an scéal feasts.
    I
    Is brónach is léanmhar is deórach mo scéal-sa
    Do thárlaigh aréir ar an gCarraigh (sin carraig na Call Cuilleach)
    Ag Diarmuid Mhic Shéamuis Uí Shuilleabháin Beards
    Do bheasaigh mo caol-each bréagh capall
    Do bhuail sé súid pléasg air go from ar an éadan
    Ba ghairid gur chlaochluigh a dhearca
    'A raibh d'ór, is de shaoghaltacht ag Solomon is ag Céasair
    Ní cheannochainn; -- mo teun má's tú mhairbh.
    II
    Bhuail sé go fonn é, gach fiachal 'na dhranndal
    Is ba ghairid gur mhanntach é is 'strangtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán O Macháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chaolchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Diarmaid O Sheoghda
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chathair, Co. Chorcaí