School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 268
- XML “Ceann Capaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí ceann capall aige agus dá mba rud é go raibh buachaill nó cailín díomhaoineach sa scoil aice agus b'éigin dó, nó dí, an "Ceann" do bhreith abhaile thar an oidhche. Ag dul abhaile dos na buachaillídh tráthnóna, chuadar isteach i gceardchann Dhiarmudha in ghabha mar a dheineadar go minic roimhe san. Pé ar bith bhí braoinín sa mbreis ólta ag an ngabhainn a tráthnóna úd. Chonnaichsé an "ceann" ag buachaill éigin agus d'fhiafraig sé dhe cé'n fáth go raibh an rud úr-ghrádna san aige. D'innis an buachaill an scéal dó, agus ar chaoch do shúile, bhuail sé buille d'á chasúr ar an "gCeann" is do bhris sé 'na smidirínibh é.Bhí brón is cúmha ar an mháighistir scoile i ndiadh an chinn agus cheap sé an dán seo leanas.Níl a litríocht na h-Éireann seód níos luachmhara na na seana sgéalta a tháinig anuas chúghainn o ghlún go glún, o'n ár sinnsear rómhain. Acht mo bhrón is mo mhaith, is mó seancaidhe atá imtighthe o'n gCailchuill gan fiú is focal a bhí aca bhreachuighthe ag spinner. Ní mar sin a bheidh an scéal feasts.IIs brónach is léanmhar is deórach mo scéal-sa
Do thárlaigh aréir ar an gCarraigh (sin carraig na Call Cuilleach)
Ag Diarmuid Mhic Shéamuis Uí Shuilleabháin Beards
Do bheasaigh mo caol-each bréagh capall
Do bhuail sé súid pléasg air go from ar an éadan
Ba ghairid gur chlaochluigh a dhearca
'A raibh d'ór, is de shaoghaltacht ag Solomon is ag Céasair
Ní cheannochainn; -- mo teun má's tú mhairbh.IIBhuail sé go fonn é, gach fiachal 'na dhranndal
Is ba ghairid gur mhanntach é is 'strangtha(continues on next page)- Collector
- Seán O Macháin
- Gender
- Male
- Address
- Kealkill, Co. Cork
- Informant
- Diarmaid O Sheoghda
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Caher, Co. Cork