Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 250

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 250

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 250
  3. XML “Micí Ceo”
  4. XML “Scéal Púca”
  5. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    níor chuaidh éinne ríamh go bolús ach a bheith indóchas rud éigin d'fhágail ann-- mar tá bolus an-fada amach sa bhfairrge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal púca
    Bhí bean thoir in aice le Máigh Cromtha agus nuair a bhí sí len a h-inghean lampa deas a bhíod aicí do lasadh ag an dtorramh. Do bhí an-mheas aici ar an lampa seo.
    Nuair a fuair sí bás do dheineadar dearmhadh ar an lampa a lasadh agus is an áirde staighre a bhí sé. Do bhí an oidhche ag thuitim agus ní raibh morán daoine sa tigh in aon chor agus bhí an bhean mharb leagtha amach acu agus na coinnle ar lasadh. Do chualadar duine éigin ag siúbhal in airde staighre sa tseómra 'na fuair an bhean bás. Ritheadar suas ach ní fhéadfaidís éinne d'fheiscint ach bhí an lampa ar lasadh ann rómpa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
  3. Scéal eile fós
    Bhí fear ag dul ó Innse-Ruadh go Sean-Chráim oidhche fadó. Bhí an oidhche go bréagh geal agus ní raibh sé ach timcheall a dó dheig a chlog. Treasna an chnuic seadh chuaidh sé agus nuair a bhí sé laistear den gnoc idir an dá Sheithe do chonnaic sé bean'na seasann ann, agus clóca fada dubh uirthi.
    An chéad tig a bhuail leis agus bhí son breis is míle uaidh do thuit sé i laige tréis dul isteach ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge