School: Scoil N. Mocomóg

Location:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 249
  3. XML “Micí Ceo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Dónal na Sráide athair Micí Ceó Hailry tíar ar an gCaolcaill. Lá amháin do bhí troid aige le Conchúbar Ó Loinsig agus arsa Dónal leis.
    "Má táim tusa garbh deanfaidís mín thú" agus d'fhreagair Conchubhar garbh é.
    "Má tá sráid agatsa bainfead-sa díot í."
    Lá eile do bhí Micí Ceó agus Tadhg na Cásca ag cainnt len a chéile.
    "Le Díabhal an lá cheoidh é" arsa Tadhg na Cásca.
    "Á nuair a thiocfaidh an Cháisg scaipfidh an Ceó sin" arsa Micí Ceó leis.
    Lá eile do bhí Micí ag teacht anuas bóthar barrlin agus do buail Dónal Garbh leis.
    "Is garbh an lá é" arsa Míci.
    "Inús garbh is ceó é" arsa Donál garbh leis.
    Trí rudaí nach féidir a fheiscint: gaoth, faobhar: agus grádh.
    Trí rudaí nach féidir a cheilt: tart, grádh, agus fíorriachtanais.
    "Céideach meirgeach o laoghaire ar muin capaill bric".
    Ag siúbhail tré Gháorthadh na meala, ag dul ar Aifreann chun na Caolchille".
    Bogh-leacha na maidhe nó madra-gaoithe an tráthnóna
    Is olc na comhartaí iad ar an aimsir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish