Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “An Cróchnaid”
  4. XML “Cnocán a' Rince”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Timcheall míle go leith ar an dtaobh teas den gCeapach Buidhe.
    Bhí fear an áit seo ag teacht abhaile ó Dúnmhámhuighe oidhche amháin fadó. An cómhgar aníos thar Cnochán a'Rinnce seadh bhí sé nach mór ar an mbárr do tiomáineadh síar síos airís ar an mbóthar é. Trí h-uaire in Dhiadh a chéile do tháinig sé go bárr ach do cuireadh síos go bóthaf Cuasán airís é. Ní fheadfadh sé aon rud d'fheiscint ach do bhí mar a bheadh rud éigin ag brughadh ar a ucht. Tháinig eagla air agus d'eirigh sé an-uaigneach agus sa deire d'imtigh sé leis an bóthar síar agus timcheall Catair Muichidhe síos.
    Bhí sé ag suibhal leis go bréagh bog that an scoil síos i gCeapac Buidhe nuar a chuala sé an gleó go léir ag teacht 'na choinnibh agus do chonnaich sé mar a bheadh sochraid ann. Do dhruid sé isteach ar leattaoibh uaith agus chonnaich sé go raibh sochraid an-mhór an-bhréag ar fad ann agus cóislí ann ná feacha sé in an áit ríamh [roimhs?] sin.
    Nuair a chuaidh sé abhaile d'innis sé an scéal dá mhnaoí agus dubhairt sé nárnh aon cóistí ó Beanntraighe pé áit as a dtángadar. An lá 'na dhiad sin do chuadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.