Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 245
- XML “Cnocán a' Rince”
- XML “Scéal”
- XML “Céim an Fhia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur cailleadh máighistreas scoile a chómhnuigh sa tigh sin uair amháin. Tamall 'na dhiad sin do bhí sé ar sochraidh theas ar an gCuasán agus cómh luath díreach is a chonnaich sé na cóistí a bhí aca. D'aithin sé gur mar a chéile íad agus na cóistí a chonnaich sé an oidhche sin.
- Timcheall ochtmhógadh blíain o shion do bhí Liam Scot 'na cómhnuidhe in Insi-Ruadh. Ba ó Cil Mhuire é ar dtúis sus an tráthnóna do d'fág sé Insí-Ruadh treis tuitim na hoidhce go dul soir go Cil Mhuire agus tháinig sé ar ais airís roimh breachach an lae.Ar teornainn a fheirme féim do chonnaich sé bean 'na suidhe sa mbeárnainn roimis agus ní leigfeadh sí do dul tairsti. Chuaidh sé go bearnain eile agus bhí sí ann [roinnis?] d'ainmnig sí conndae éigin a bhfad síos amach. Agus iarraimse ort-sa "rounds" a dheanamh dom i mBaile Múirne agus bead saor ó Phurgadoireacht ann san''."Agus" ar seisean "nach bhfuil daoine muinnteardha éigin agat féin seachas beith ag teacht chúgham-sa, fear bocht go bhfuil mo dhóithin le deanamh agam cheann féin"."Tá" ar seise, "ach cém mhaith dhom mé féin a theasbáint dóibh san mar is amhlaidh a thuitfidís i laige rómham ach tá fhios agam gur fear gan eagla tusa".Do chuaidh sí go bog is go cruaidh air agus ar deire do ghéill sé dí agus dúbhairt sé go ndeanfadh sé an "rounds" dí. Gheall sí dhó nach bhfeicfeadh sé aon lá bocht ón lá san amae agus dob fhíor di. D'imthig sé annsan mar a shlogfadh an talain í.
- Céim an fhiaidhBhí trúir fear ag dul go Corcaigh fadó le capaill agus sróthair fhada agus b'ón taobh thiar de Beanntraighe íad. Bhí an oidhche acu agus iad ag dul soir, Céim an Fhiaidh. Ar ab(leanann ar an chéad leathanach eile)