Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)

Suíomh:
Oileán Baoi, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Spor Fhaill Chuttin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí seana bhean thiar i dtigh Lic a Finne fadó, agus bhí sí na suidhe déanach oidhche Dé Sathairn ag sníomh. Uair éigin i ndiaidh a dó dhéag do bhuail bean isteach chúichi agus tamall na dhiaidh san tháinig bean eile aca agus bhíodar a teacht na nduine is na nduine go raibh
    naonbhar aca istig.
    ''Cíordaimís, cárdaimís,
    Slámaimís olann
    A's maith an sgruideán ceann bean
    a tighe ar ball.''
    ar siad léi.
    Tháinig eagla ar bhean a' tighe nuair a cualaidh sí an chainnt sin agus do rug sí ar árus a bhí fé'n mbord agus do chuaidh sí go dtí an tobar fé dhéin uisce. Nuair a bhí sí ag an dtobar do labhair an guth léi agus dubhairt an guth - ''Nuair a raghair abhaile anois abair go bhfuil Faill Chuttin go léir tré theine'' Tá Faill Chuttin ar an dtaobh thiar theas de'n oileán beagáinín soir ó Spur. Nuair a tháinig sí isteach leis an uisce do sgread sí amach -
    ''Tá Fhaill Chuttin go léir tré theine"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    N. Ní Dhuinneacha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Mhichíl, Co. Chorcaí