Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sháidh sé a mhaide sa talamh in aice an bhosca chun go mbeadh sé mar mharc aige, agus do chuir sé dhé síos fé dhéin na faille chun teacht roimis na ba. Do chas sé aníos arís iad, agus tháinig sé thar n-ais go dtí an áit mar ar fhág sé an bata 'na sheasamh dar leis.
Do chuardaigh sé tímpal ins gach aon áit ach ní raibh bata ná leac ná bosca óir le fagháil aige-na sídheóga a thóg é nuair a bhí sé i ndiaidh na mbó, mar tá cáil an uaignis ar an áit chéadna.
Ní fhuarathas an stór sin riamh ó shoin ach chreid na daoine go daingean go raibh sé ann. Is minic a chaith daoine ó'n oilean tamall ag iompódh na leac i nDrom Ruadh a d'iarraidh é a fhagháil. Bíonn siad ag aodhaireacht na mbó ann ar eagla iad a dhul le faill, agus go dtí na blianta deirionnacha so fiú amháin is minic sean daoine an oileáin ag cuardach fés na leacaibh. Tá an stór fé lic éigin, ach ní fios d'aoinne ciaca leac é.- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí