Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh thuaidh de'n oileán seo,
beagáinín siar ó Fhaill Chunnais, tá
cárnán cloch ann agus Clochán Uí Chrónacháin a tugtar air. Do réir an tseanchuis tá bosca óir i bhfollach in áit éigin idir an clochán san agus Faill Chunnais. Níl aon tuairisc aca ar conus
mar a tháinig sé ann. Tá an áit breacaithe le leaca agus ní fios d'aoinne cia 'n leac a bhfuil an stór fuithi.
Pé 'r domhan é bhí an fear seo ag aodhaireacht bó in aice na h-áite an lá seo. Is dócha gur airigh sé an sgéal mar gheall ar an ór agus bhí sé a pócáil tímpal len a mhaide ag iompódh na leac féachaint a mbeadh sé de ráth air go n'aimseochadh sé é. San obair dó cad deirir ná gur iompuig sé an leac so áirighthe agus istig fé chonnaic sé an bosca óir. Bhí sé díreach a cromadh anuas chun é d'ardú leis, nuair a thug sé súil-fhéachaint éigin ar na buaibh agus cá rabhdar ach ar bhruaich na faille agus baoghal go n-imtheochaidís síos le fánaidh isteach sa bhfairrge. Le sin do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí