School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)

Location:
Oileán Baoi, Co. Chorcaí
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Page 007
  3. XML “Leanbhaí á bhFuadach ón Oileán”
  4. XML “B'fhéidir gur mar sin Féinig É”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    " Saoruigh tú h-éin , a sheana chailleach, " ar seisean amuigh,
    " Saoruigh Dia agus Muire agus Mícheál Naomhtha mé, " ar sise.
    Níor dheineadar aon nídh léi, ach d'imthigheadar leo, agus d'fhan sise agus na páistí ann go maidin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí seana-bhean in a cómhnuidhe thoir i mBaile 'n Chalaidh sa Chnocán tamall blianta ó shoin. An mhaidean seo bhí sí a crú bó amuigh ar an gcnocán, agus do bhí bó óg tamaillín siar uaithi ar an mbóthar. Bhí an sagart a teacht isteach ar stáisiúin agus nuair a ghaibh sé thart do thuit an bhó óg ar an mbóthar. Nuair a thug an bhean fé ndear an rud a tharla d'fhág sí an bhó a bhí á crú aici annsan agus do rith sí i ndiaidh an tsagairt.
    ''Fill orm, a shagart,'' ar sise, ''Do leagais mo bhó orm''.
    ''Dar a bporuís é,'' arsan sagart, ''go mb'féidir gur mar sin féinig é.''
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Baile an Chalaidh, Co. Chorcaí
    Collector
    Nóra Ní Dhuinneacha
    Gender
    Female
    Address
    Cill Mhichíl, Co. Chorcaí