School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí saor-bhád i dTig-Lice-Finne fadó, sinn-sean athair do Shéamus Ua Laoghaire ó Bhaile’n Chalaidh a b’eadh é. B’é an t-aon saor bád amháin a bhí riamh i n-Oileán Baoi. An chéad bád a dhein sé, bád éachtach a b’eadh í, agus b’é an ainm a thugaidís uirthi ná an “Postúmas” – bhí sé chómh deacair sin i chur a gluaiseacht; bhí déanamh saghas éigin ait uirthi. Do thug muinntear Thig Lice Finne ualach gainimhe ó Bhéal Achadh Bó léi agus gan aon cácáil déanta uirthi. Bhí cláracha an bháid dlúidte ar a chéile chómh daingean sin nár leigeadar braon isteach. Ní raibh aon saor bád i ndán bád chómh tirm san a dhéanamh gan cácáil.Is aige seana Thadhg na Chásca a bhí sí an t-am seo agus ní raibh sé i ndán an cíos a dhíol. Do chualaidh sé go raibh an Tighearna a teacht chun é chaitheamh amach nó rud éigin a thógaint ’na áit. Bhí an bád carraigthe suas thoir i Lic, agus do thug Seana-Thadhg gurab í sin an chéad rud go gcuirfeadh sé súil ann. Chómh maith do tháinig sé(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female