School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Dursey Island, Co. Cork
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Baoi (Dursey)
- XML Page 059
- XML “An Fear a Bhí ag Cur an Choirce i bhFaill Bomaillín Lá Fhéile Gobnait”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear na blianta fadó ó shoin a cur coirce sa pháirc os cionn na faille sin - Faill Bómaillín - Lá 'le Gobnait. Bhí sé a treabheidh leis agus i gcionn tamaill chonnaic sé an bhean istig fé béalán abhí ann agus í na suidhe síor di féin a fuagháil. Nuair a tháinig sé chómh fada leí do labhair sí leis: -
"An té tá a chur ní bhainfidh" ar sise.
"An té tá a fuagháil," ar seisean á freagairt, "Ní chaithfidh."
Níor chuir sé a thuille suime innti mar cheap sé gur bhean ó'n áit í. Do lean sé air síos agus chómh luath agus a bhain sé amach bun na páirce, níor mhothuigh sé pioc go raibh sé féin agus an capall agus an céacht imthighthe le faill síos agus baseadh thíos iad.
Níl sé ádhmharach aon nídh do chur Lá 'le Gobnait, agus ní chuirfeadh na sean-daoine aon nídh an lá san.