Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Maidean Cheoidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maidean cheodhaig.
    1.
    Maidean cheodhaig nuair a eirigheas is gheibheas trí bharr na gcoillte, (abair caillte)
    Annsúd do bhuail an treighead mé, ná leighisfheadh na n-Oileáin,
    In annsúd seadh dhearchas maighdean fé lúib na scairte draighne,
    Do gheit mo chroidhe agus d'eirigh, le meidhir chun í d'fhághail.
    2.
    Is scalladh ar an ngrádh is treighead air,
    A's is mairg go dtéigheann sé i bhfeidhm air,
    Már d'fhág sé breóidhte tinn mé, is mo leigheas ní'l le fághail,
    Is fada mise ag fúigneamh ach faríor caithfhead é d'innsint,
    Gur grádh mná óige a mhill me, gan deimhin ar í d'fhághail.
    3.
    Is fíor gur thugas grádh duit is nár thaithnigheas riamh led' mháithrín,
    Is a rún ma's tú tá indán [?] dom scaoil mo lámh dheas fed chom.
    A rún anois ná tréig mé mar gheall ar bhuaibh ná ar chaoraig,
    Mar is gairid a bheidís ag ealadh uait,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig T. Ó Ceárna
    Inscne
    Fireann