Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 266
- XML “Morainn na Foighne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor leig sí uirthi go bhfeaca sí í, agus siúd anáirde staighre airís í. I gceann tamaill tháinig an mháthair bhaistighe isteach sa t-seómra chúiche. "Cad a chonnaicis nuair a chuadhais síos staighre?" ars í le Morainn.
"Ní fheaca faic a mháthair baistighe," arsa Morainn.
"Cuirfhead amach as mo thig tú muna bhfuil tú chun é a innsint dom," ars an mháthair baistighe.
Ruaig sí Morainn bocht amach as an dtig agus d'imthig sí roimpe ag siubhal an bhóthair gan fhios aici cá raibh sí ag dul. Sa deire casadh isteach i dtig rí í agus tógadh in aimsir sa tig sin í. Thuit mac an rí i ngrádh léi agus pósadh iad taréis tamaill. Do rugadh mac óg dóibh. Bhí dháréag ban choimhdeachta ag an bprionnsa nua. Tháinig an mháthair bhaistighe agus d'fhiafruig sí do Mhorainn cad a chonnaic sí nuair a thuit an cheirtlín óir síos staighre uaithe.
"Ní fheaca faic," arsa Morainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí