Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 264
- XML “Morainn na Foighne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear agus bean in a gcómhnuí in áit an- iargcúlda. Saoghaluigheadh inghean dóibh agus ní raibh aoinne timcheall ortha a raigheadh chun baistidhe leis an leanbh. Taréis tamaill do chonnacadar chúcha cóisde dearg agus bean istig sa chóisde. Dubhairt an bhean go ndeanfhadh sí féin máthair baistighe do'n leanbh d'á mbeadh cead aici a rogha ainm a thabhairt ar an leanbh. Dubhairt an bheirt go rabhadar sásta. D'árduigh sí léi an leanbh 'on tséipéal agus ghlaodhaig sí Morainn mar ainm uirthi. Thug sí abhaile annsan í agus dubhairt sí go dtiocfhadh sí ar a thuairisc i gceann seacht mbliana.
Choimeád sí a gheallamhaint agus tháinig sí agus bronntaisí deasa aice go dtí an leanbh. Gheall sí go dtiocfhadh sí i gcionn seacht mbliana airís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí