Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 258
- XML “Druimín Ó Luachair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thosnuig sí ag gol le bárr canncair lá. Níor bhfada mar sin di nó gur phreab firín beag bídeach isteach ar an úrlár chúiche. D'eachtraig sí a sceal do. Dubhairt an fear beag léi go sníomhfhadh sé féin an snáithín óir di d'á bpósfadh sí é. Dubhairt sí leis ná pósfadh sí aon fhear go deó ach mac an rí agus mara bpósfhadh seisean í ná pósfadh sí go deo. Dubhairt sí leis go mb' feárr di an snáithín óir a shníomhadh di, agus nuair a bheadh sí féin in a Bannríoghain ná dheanfadh sí dearmhad ar a mhaitheasaí.
"Tá ciall agat ach go h-áirithe," ars an firín grándha. "Tiocfadsa airís amáireach agus má bhíonn fios m'ainme agat sníomhfhad an snáithín duit, ach mar a mbeidh caithfir me féin a phosadh," ar seisean.
Bhí an cailín bocht ar mire le scannradh roimis, agus bhí sí lán chinnte ná beadh fios a ainme aici.
Bhí sí go dúbhach tráthnóna nuair a bhuail a h-athair isteach t'réis an lae.
"Bfuil aon eachtra agat dom t'réis an lae?" ars í leis.
"Tá mhuis, eachtra neamh-choitchianta go maith," ars an t-athair."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann