Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cabhair a's cairde a's grásda ó Dhia chughainn,
A chabhair gach lá a's táimíd 'á iarraidh,
Sacraimint na haithrighe go neartuighidh Dia dhúinn,
Is m' anam féd' choimirce a Mhuire a bhuime an Tíghearna.
Luighmíd fed' theármoinn a Mhaighdean Glórmhar,
A Mháthair Dé a réaltann eóluis,
A Bhannríoghan na bhFlathas freagair is fóir me
Is beir leat m'anam go cathaoir na Gloire
Déirc de shólás is d'aoibhneas síorruidhe na bhFlathas d'ar m'anam anois a's go deó.
Amen.A Chroidhe a dhoirt gach braon dod' chuid fola ar ár son, go lasaidh ár gcroidhe-ne le grádh dhuit.Ó A Mhaighdean Mhuire do rugadh gan an peaca, guidh go gcuirfheadh Dia ar ár leas sinn anois a's go deo.
Amen.