Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An lá 'na dhiaidh san d'ollmhuig sí deoch meisceamhail do agus thug sí do le n-ól é. Thuit sé na thoirchim suain. Bhaineadar an bheilt do. Ropadar bior dearg isteach na shúile agus bhuaileadar cic air agus thugadar an doras amach do. "Tá seamróg na gceithre gcluas anois aige má eirigheann leis," arsa duine acu leis an nduine eile.
D'imthig an Dall bocht leis, oidhche annso is eadtrath annsúd agus é 'na gheilt, gan bearradh gan glanachar. Shuidh sé cois tobair. Tháinig dream máirnéalach isteach ag triall ar uisce go dtí an dtobar. Chonnacadar an siabhradh agus ritheadar uaidh le huathbhás. Tháinig an captaoin féin annsan agus thug sé leis an caonaidhe bocht aonrach ar bhórd a luinge. Chuir sé súile gloine ann nuair a chualaidh sé an sceal brónach uaidh. Scaoil sé amach ar caladh phort é nuair a bhí sé tuirseach ó a bheith ar bórd luinge.
Cá mbuailfí isteach é ach i dtig Maor an Éisc agus d'aithin an Inghean go tapaidh é agus tháinig sí ag failtiú roimis. Chuir sí isteach i seómra é. Dubhairt sí leis gan corruighe as an seómra. Pósadh an bheirt cé nach raibh a hathair sin ró-shásta. B'ait leis é a bheith chómh neamh-anamamhail is a bhí sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí