Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “An Ghrian agus an Ghaoth”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Mháire Ní Cheárna, an Bloscaod Mór, a chuala an scéal seo. Chuala sí é féin is na scealta eile ó na máthair.
    Bhí fear fadó ann, fear maith láidir sa t saoghal ab' eadh é. Phós sé agus bhí inghean aige d'ár b'ainm an Ghrian. Bí triúr mac aige, Art agus Amhlaoibh agus Toirdhéalach. Cailleadh an mháthair t'réis tamaill agus i gceann bliana phós sé bean eile.
    Bhí inghean aige leis an dara bean agus baisteadh an Ghaoth uirthi sin. Bhí an bheirt cailíní, an Ghaoth agus an Ghrian ag eirghe suas i dteannta a chéile agus iad an-cheanamhail air a chéile. Bhí an leas-mháthair an-mhí[n]eáireach agus an-chruaidh ar na garsúin.
    Dúbhairt an t-athair go mb' fearra dó tig a thógaint taobh amuigh doibh féin iad a chur fé glas ann, agus go dtabharfhadh a ndrifiúirín biadh dhóibh nuair a bheadh sé ollamh sa tig. Leigeadh an leasmháthair an bheirt gearchailí i dteannta chéile i gcómhnuidhe. Bhídís ag athrú éadaig agus iad ana cheanamhail ar a chéile. Saoghaluigheadh leanbh do'n nGaoith agus níor leig an Ghrian faic uirthi agus níor labhair sí riamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0403: The Black and the White Bride
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Cheárna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí