Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 202
- XML “An tSlat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Siúd léi go dtí an séipéal ag breith ar an ngaoith a bhí roimpe agus gan aon dul ar an ngaoith a bhí na diaidh teacht suas léi. Isteach leis an gcapall agus d'úmhluig do'n altóir agus chuaidh sé ar a dhá ghlúin agus an cailín anáirde san éallait óir. Bhí gach súil sa tséipéal uirthe, agus chonnaic mac an rí go maith í.
Nuair a bhí an stair deireannach do'n Aifreann léighte ag an sagart d'eirig an capall agus d' úmhluigh sé agus b'siúd abhaile é ar luathas gaoithe. Chuir an cailín an capall agus an chulaith isteach sa ghollán agus shuidh sí cois na teine. Ní cheapfá go raibh sí riamh in aon áit ó'n maidean.
Bhí an-chibeal agus an-chur tré chéile ag an mbeirt nuair a thanghadar abhaile. D'fiafruig an cailín beag dóibh an raibh aon scéal nua o'n mbaile mór acu. D'freagaruigheadar go borb í, ná raibh aon bhaint aici sin le h aon rud a thárla agus gur chuma di cad a bhí ar siúbhal.
Bhí an dálta ceadhna ann an Domhnach 'na dhiaidh san. Fágadh an dá phunnan coirce aici le meilt chun aráin a dhéanamh.
Tháinig an mháthair agus chuaidh an cailín go dtí'n Aifreann, agus bhí árd iongna ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann