Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 174
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'iarr an sagart ar an scoláire dul go dtí an Easbog ina theannta. Ghluaiseadar araon go dtí an Easbog agus dubhairt an t-Easbog ná raibh faic aige dóibh, go gcaithfheadh an sagart dul go dtí'n bPápa.
Cómh maith d'imtig, agus ar chlos an scéil do'n bPápa bhí sé ana-bhrónach ar fad. Dubhairt an Pápa go léighfheadh sé Aifreann amáireach agus muna dtuitfheadh a chodhladh air an fhaid a bheadh an coisreacan ar siubhal go mbeadh seans aige.
Tosnuigheadh ar an Aifreann a léigheamh agus chómh luath is a tosnuigheadh ar fhocail an Coisreacain bhí an sagart ina chodhladh go sámh. Tháinig an Pápa chuige agus dubhairt sé na raibh aige ach trí seansanna eile agus muna bhfanfhadh sé na dhúiseacht nach fhios cad a thárlóchadh.
"Cuirfhead an cupán so síos sa tobar trí h-uaire agus má théigheann sé go tóin poill trí h uaire beidh mí-seans ort."
Seadh ní raibh codhla ná suan aige, biadh ná deoch ach é go cráidhte suaidhte. Nuair a gheal an mhaidean chuadar go dtí an dtobar agus an cupán óir acu agus ma seadh d'imthig an cupán síos trí h uaire.
"O tá an-dhroch greim ort agus ní fheadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peig Ní Ghuithín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí