Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'iarr sí ar an ngeatóir í a leigint isteach. Dubhairt sí gur minic a fuair sí féin lóisdín na hoidhche ins an dtig sin.
"Droch chrích ort," ars an geatóir, "tá do mhalairt do chúram ortha san, mar tá mac an rí ag fághail bháis."
Dubhairt sí go leighisfheadh sí féin é ach í a leigint isteach.
Cuireadh teachtaire go dtí an rí agus dúbhradh leis an sean duine a leigint isteach. Leigeadh. Chuaidh sí isteach sa tseómra ina raibh an fear breóidhte. Ní raibh ann ach go raibh sé na bheathaidh. Leig sí braon do'n mbuidéal ins gach gearradh a bhí ann. Léim sé amach as an leabaidh chómh maith is a bhí sé riamh.
"O buidheachas le Dia a mháthair, tabharfadsa a croidhe agus a haé chúghat anois," ar seisean.
D'fiafruig bean an leighis dó cé hí a bhí i gceist aige a's d'eachtraig sé dí.
"Ní hí a dhein riamh é," ar sisean, "mar is minic a bhímse na tig sin agus tá bratacha dubha anáirde aici le seachtmhain mar gheall ort. 'Sí a leas-mháthair a chuir sparaí iarainn rómhat."
Bhíodar ag pógadh an tseanduine is 'á choimeád go deo, ag tabhairt airgid is gach rud dhó. Dubhairt sé ná tógfhadh sé aon airgead ach an léine gur mhó a chuaidh d'á chuid fola innti a thabhairt dhó. Tugadh dó í, agus ní ghlacfhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Chéarna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí