Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhuail Oileán leó agus d'iarr sé ar an gcaptaoin é a chur amach ar an Oileán san. Cuir. Bhí sé ag feachaint ar an oileán, ach fuair sé amach ná raibh faic ag fás ann ach úbhla. Chonnaic sé ubhall mór dearg agus d'ith sé é le hairc is le hampla. Níor thúisce ithte aige é ná gur dhein asal dhó. Bhí meabhair duine aige mar sin féin. Rug sé ar úbhaillín beag lá le na bhéal agus d'ith sé é. Dhein fear do chómh luat is a bhí sé ithte aige. Bhí leigheas an scéil annsan aige.
Bhuail sé chuige ladhar mhaith dos na húbhla breághtha a's a gcothrom dos na húbhla beaga; ghaibh an t-árthach an bealach agus tógadh ar bórd é. Chuaidh sé i d-tír ar an dtráig a fhág sé. Bhuail sé suas fé'n mbaile mór. Chonnaic sé grianán mór, agus cailín óg anáirde ann.
Leath sé amach a chiarsúir agus na húbhla breághtha anuas ortha. Tháinig dúil ag an gcailín ionnta agus d'innis sí an scéal d'á máighistreás.
"Imthig ort síos a's ceannuig cuid acu," ars an máighistreás.
D'imthig sí, ach ní thabharfadh an fear shíos aon úbhall di.
"Abair led' mhaighistreás teacht anuas a's tabharfhad díbh iad," ars seisean.
Dhein sí amhlaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chéarna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí