Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “An Tuáille Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Triúr dritheár a bhí i dteannta a chéile i dtig a's bhíodar beó bocht.
    "Níl aon ghnó annso agamsa, baileóchad liom," ars an ceann óg.
    D'imthig sé agus fuair sé lóisdín na hoidhche i dtig mór. D'éirig sé ar maidin agus chuaidh sé amach ar phort ag feachaint uaidh faid a radhairce. Chonnaic sé scuaine éan i mbéal na trágha agus rud éicin 'á tharrac ó chéile acu. Chuaidh sé síos. Seadh a bhí tubháille breágh acu. Bhain sé dóibh é. Cad a bheadh scríobhtha air an dtubháille ach go mbeadh a dhóithin bídh le fághail ag aoinne a leathfadh amach é.
    Tháinig sé isteach sa tig. Leath sé amach an tubháile agus bhuail an-iongna bean an tighe nuair a chonnaic sí gach sórd bídh ag tuiteam ar an dtubháile nuair a leath sé amach é.
    Bhuaile sé síos ar bhruach na trágha. Chonnaic sé árthach mór ag tarrac air adtuaidh. Shméid sé ar an árthach. Cuireadh bád amach agus tógadh isteach san árthach é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chéarna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí