Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 134
- XML “An Brealsún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Leis an súghadh a thug an phiast do'n dtalamh shúghaidh sí chúiche amach an Breallsún. Má dhein bhuail sé siúd leis an gclaidheamh í agus níor bhfada gur shéid sí fuil shrón. Bhí an cuan lán d'fuil chraoireac dearg agus le buille eile do mhairbh sé an phiast, agus d'fag sé i mbéal na trágha í ag cartadh fola.
Bhí an gaisce dheanta ag an mBreallsún agus siúd isteach é agus mar an raibh sméideadh agus liúirig do, ní lá fós é. D'árduig an Rí leis é go dtí na phálas féin. Thug sé an cailín áluinn le pósadh do agus geallaimse duit nach raibh aon ghádh le na dhul ag tuilleamh a pháigh as san amach, mar b'é a bhí go saidhbhir gan easbadh ná gádhtar.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chéarna
- Inscne
- Baineann