Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 115
- XML “Foclóirín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Foclóirín:
Cinn-fhearainn = An paiste glas a fágtar gan treabhadh i mbun is i mbárr guirt. Is air sin a chasann na capaill.An Ghruadh = An fód fé na gcuirtear an scioltán nuair a cuirtear an síol.Scúmhachán = An taobh amuigh do gheataire.Buachas = An taobh istigh do gheataire.Hearra = An rud bán a bhíonn 'á tarrac ina ndiaidh ag siongán.
Seanfhocal i dtaobh gaduidhe iseadh: Goidfeadh sé an hearra ó'n siongán. Fochais = Cloch a bheadh sa bhfarraige ach a bheadh de ghnáth clúdaithe.
Cómhairle-- "Fan amach ó'n bhfochais.Fochall = An croidhe buidhe a bhíonn istigh i bprátaí áirithe.Speirín = Bun an gheataire. An buatais an bun-fáis a bhíonn shíos fé'n speirín.
Seanfhocal : D'á laighead speirín bíonn buatais air.