Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0158
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bheannuigh mé isteach ins an leabaidh seo i n-ainm Mhic Dé, diúltaidhe na n-olc.
    Bheirim mé féin suas do'n triúr is fearr an t-Athair, An Mac, agus an Spiorad Naomh.
    Tá ceithre haingle dom fhaire.
    Má fhaghaim-se bás as seo go maidin
    i bhFlaitheas Dé go raibh m'anam.
    Ó, a Íos, déan trócaire orm.
    Gheobhaidh mé bás - níl a fhios agam cé'n am, cé'n áit, cé'n uair ná cé'n chaoi.
    Má fhaghaim-se bás i bpeacadh marbhthach tá mé caillte go deo. A Íosa déan trócaire orm.
    Teachtaire ó Dhia againn
    Cuairt a aingil ós ár gcionn
    Dia bheannuighthe ar ár gcolainn
    Dia romhainn agus Dia linn
    I ngáirdín Parrthas bhí an paidrín páirteach ag moladh na mná a bhí riamh gan locht is a h-aon mhic. A mhuire is a Rí na nGrásta is go dtugaidh Dia cáirde do'n anam bocht. Croiste agus cáirde agus grásta ó dhia againn tabhair gach lá is é tá muid ag iarraidh sacraiméid na h-Aithridhe is go neartuighidh Dia sinn is guidhimíd ár n-anamna ort a Mhuire Bhan Tighearna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann