Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé i n-a chomhnuidhe in aice leis an reilig agus ní raibh sé indán siubhal. Bhí buachaill óg aige mar fhear oibre agus ní raibh aca acht aon chapall amháin. Leigidís an capall amach san reilig gach oidhche. Oidhche amháin tháinig fear go dtí an reilig agus bhí go leor cnó i n-a phóca aige. Shuidhe sé ar leacht a bhí os cionn uaighe agus thosuigh sé ag briseadh na gcró agus dá n-ithe. Chuaidh an buachaill i gcoinne an chapaill agus nuair a chonnaic sé an fear cheap sé gur sídheóg bhí ann agus rith sé abhaile agus dubhairt sé le na mhaighistir go bhfaca sé sídheóg san reilig. Dubhairt an fear go rachadh sé féin i gcoinne an chapaill acht nach raibh sé indán siubhal. Annsin dubhairtan buachail go n-iomcróchadh sé féin ar a dhruim é go dtí an reilig. Chuaidh an fear suas ar dhruim an bhuachalla agus d'iomchur an buachaill go dtí an reilig é. Bhí balla timcheall ar an reilig agus leig an buachaill an fear anuas istigh ins an reilig. Buair a chonnaic an fear a bhí bacach an rud i n-a shuidhe ar an leacht tháinig faitchíos mór air. Do léim sé thar an mballa agus do rith sé féin an buachaill abhaile agus bhí an fear indán siubhal as sin amach.
- Bailitheoir
- Seaghán Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hOisín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe